top of page
  • principal842

Cláir, spraoi agus foghlaim le Cúla4





Conas Teacht ar Cúla 4: TG4 Luan - Aoine 7-9.30am and 3-5:30pm Cúla4.com Féach siar ar chláir Cúla4 ar cula4.com. Tá cluichí siamsúla ar fáil freisin ar an suíomh. Bain triail as d'aimsir féin a chruthú as Gaeilge anseo https://www.cula4.com/games/aimsir/index.html Youtube Cúla4 - Seinnliostaí do gach aoisghrúpa.   Cúla4 Aip: Aip saor in aisce é Cúla4 ó TG4.  Beidh deis ag do pháiste foghlaim, spraoi agus taitneamh a bhaint as an aip seo. Tá cluich Cúla Caint idirghníomhach agus luachmhar do fhoghlaim agus foghraíocht na Gaeilge le cur le stór focail.   Ar Fáil an app store - https://apple.co/2gGxDZa  agus ar an google playstore - https://bit.ly/2QeZm44 Ná bí gann ar ábhair Ghaeilge le linn na géarchéime seo.  Tá gach áis ag TG4 chun cabhrú leat leis an scolaíocht sa bhaile.   Céard é Cúla4?  Is sceideal ann féin é 'Cúla4' do pháistí ar TG4. Tá meascán de beochain Ghaeilge agus cláir chomisiúnaithe ar fáil ar Cúla4.  Tá 'Cúla4 na nÓg' ann do pháistí faoi bhun sé bliana agus Cúla4 do pháistí idir 6 agus 12 bliain d'aois.    Tá 'Cúla 4 na nÓg' ar siúl gach lá i rith na seachtaine idir 7-9:30am agus tá cláir ar nós  Masha agus an Béar agus PJ Masks ar fáil as Gaeilge.  Chomh maith leis sin, tá cláir chomisiúnaithe do pháistí óga ina bhfuil cainteoirí óga Gaeltachta agus le Gaeilge le feiceáil, cosúil le Is Mise, agus An Siopa Ealaíne. Tosaíonn Cúla 4 ag a 3pm i rith na seachtaine agus is do pháistí níos sine é, idir 6 agus 12 bliain d'aois. Tá beochain a thaitníonn go mór le páistí ar nós Spongebob Squarepants, Dónal Dána, leagan Gaeilge de Horrid Henry agus beochain eile a thaitníonn go mór le páistí cosúil le Adventure Time agus Clarence ar fad ar fáil i nGaeilge.  Tá sraitheanna eile atá léirithe go heisiach do Cúla 4 ar fáil ar nós, Is Eolaí Mé, Mo Shaol do Shaol agus C.L.U.B. Cúla4 na nÓg: 7- 9:30am Luan go Aoine Masha agus an Béar Cailín beag í Masha atá ina cónaí sa choill. Níl mórán tóir ag na hainmhithe uirthi mar bíonn sí ag cuir iachall orthu spraoi léi. Buaileann Masha le Béar agus cé go bhfuil seisean é féin ag iarraidh í a dhíbirt ar dtús, is gearr cur cairde iad.  PJ Masks  Is sraith faoi laochas é seo. Sárlaochas. Ach tá rud amháin difriúil faoin tsraith seo - is gasúir iad na sárloachra. I rith an lae téann Connor, Amaya agus Greg chuig an scoil cosúil le gach gasúr eile, ach san oíche téann na gasúir ar mhisin chun an chathair a choinneáil slán. Caithfidh siad fanacht go mbeidh sé dorcha sa chaoi agus nach n-aithneofar iad. Is sárlaochra anois iad Catboy, Owlette agus Gekko - na PJ Masks!  Is Mise Sraith uaillmhianach í seo ina mbeidh ceathrar láithreoirí óga a bheidh ag fiosrú agus ag foghlaim faoin domhan ar a mbealach ar leith féin. Beidh muid i dteannta Ríona, Róisín, Joey agus Cóil ar eachtraí éagsúla agus iad ag foghlaim agus ag tabhairt faoi réimse leathan gníomhaíochtaí i ngach clár, ó chuairt ar mheitheal briogáide dóiteáin go cóiriú bláthanna, ón bhfeirmeoireacht go ceacht hip hap. Cuirtear ábhar nua i láthair i ngach clár, ábhar agus gníomhaíocht a mbeadh suim ag a gcomhaois ann.  An Siopa Ealaíne  Is sraith ealaíne nuálach é Siopa Ealaíne atá dírithe ar ghasúir réamhscoile. Múinfidh an láithreoir Neasa scileanna ealaíne ar bhealach siamsúil agus spraíúil as a siopa féin i gcroílár an phobail i mbaile beag álainn cois farraige. Tagann a cairde ar cuairt gach lá agus iad ag lorg comhairle ealaíne uirthi. Beidh neart spraoi, spórt agus ealaíon i siopa Neasa. Fáilte isteach!  Tá Cúla4 na nÓg ar Youtube  Scéal an Lae:  Scéal Gaeilge á léamh ag údair, pearsain, foilsitheoiri agus aisteoirí.   https://www.youtube.com/playlist?list=PLbcLsUBW9b3AsknOKbR0-K_No4maqeKBB Déan Féin É - Sraith simplí ealaíne do pháistí óga. https://www.youtube.com/playlist?list=PLbcLsUBW9b3CyZiw8DTxBZeRO9AmCLTmu Cúla4 6-12 Bliain d'Aois Mo Shaol Do Shaol Sraith ina mbabhtálfaidh beirt, nach bhfuil cosúlacht ar bith acu lena chéile, an saol mar a chaitheann siad é ar feadh aon lá amháin.  Beidh dúshlán mór le tabhairt i gcrích freisin acu faoi dheireadh an lae.   Beidh beirt nua i ngach eagrán agus díreofar sna dúshláin ar réimse leathan caitheamh aimsire atá ag daoine óga in Éirinn sa lá atá inniu ann - beidh gach cineál againn ó júdó, go haca oighir, cruicéad & neart eile.   Is Eolaí Mé - Féach ar cula4.com Sraith eolaíochta spraíúil atá á chuir I láthair ag Peadar Ó Gioll óna shaotharlann ina áiléir. Tá gach eagrán dírithe ar théama faoi leith ó dhomhantarraingt go chúrsaí fhóiréinseacha. Beidh Peadar ag baint triail as teoiricí eolaíochta ar bhealaigh spraíúil - súrfáil eitleoige, ag tabhairt cuairt ar thuirbín gaoithe & srl. Beidh aíonna óga ag tabhairt cuairt ar Pheadar chun turgnaimh a thástáil agus beidh Úna Ní Fhlatharta ag tuairisciú ó suíomhanna shuimiúla sa tír agus buailfimid leis an t-Ollamh Ullamh & a chúntóir Aodh I míreanna grinn dubh & bán. Adventure Time  Buachaill dhá bhliain déag é Finn a bhíonn ag comhrac an oilc i dTír Ooo.  Níl sé gan cúnamh mar go bhfuil a mhadra Jake aige, madra a bhfuil draíocht aige.   Is minic gurb é an Rí Seaca, atá ag cuardach bean le pósadh, a bhíonn le cloí ag Finn agus Jake.  Tá sé socraithe anois ag an Rí an Banphrionsa Bubblegum a phósadh in aghaidh a tola.   Caithfidh Finn, Jake agus a gcairde an banphrionsa a choinneáil slán uaidh!  Cúla 4 ar Youtube  Tá Cúla4 ar Youtube. Tá seinnliostaí siamsiúla ar fáil ann a bhainfidh páistí sult astu agus iad sa bhaile.  Is Eolaí Mé - seinnliosta de na trialacha eolaíochta atá sa tsraith Is Eolaí Mé.  https://www.youtube.com/playlist?list=PLbcLsUBW9b3B8vj1mM455xciddvn17tQc CIC Scileanna sacair le Cúla 4. https://www.youtube.com/playlist?list=PLbcLsUBW9b3CXIqHtWyUei7TfAmO96tiq Programmes, activities and fun for all children as Gaeilge with TG4's Cúla 4. Don't be stuck for help with Irish during this difficult time.   How to Find Cúla 4: TG4 Weekdays 7-9.30am and 3-6pm Cúla4.com Catch up with all Cúla programmes on the website as well as play in Irish.  Interactive games such as an aimsir. Create your own weather at home as Gaeilge. https://www.cula4.com/games/aimsir/index.html   catch up online with all your favourite programmes Youtube Cúla4 - playlists activities and entertainment for all age groups  Cúla4 App is a free APP from TG4. Let your children, explore, learn and be entertained with. On start-up, the viewer is guided to the relevant viewing zone that is appropriate to their age group. There are 2 age zones in the APP- a pre-school area and an over 6 years zone. The Cúla Caint game is interactive and great for vocabulary as Gaeilge for children of all ages to learn in a fun way.  Find on the App Store - https://apple.co/2gGxDZa  or the Google Playstore  - https://bit.ly/2QeZm44 Cúla 4 is TG4's children's block which has its own dedicated weekly schedule, featuring a mixture of dubbed cartoon favourites and live action programmes.  The block is divided into two sections Cúla 4 na nÓg for young children up to six years of age, and Cúla 4 which is for children between 6 and 12 years of age.   Cúla 4 na nÓg airs weekdays from 7-9:30am and features favourites such as Masha and the Bear and PJ Masks as Gaeilge.  There is also live action programmes commissioned especially for young children featuring young Irish speakers such as Is Mise, and An Siopa Ealaíne. Cúla 4 starts at 3pm weekdays and is for older children between 6 and 12 years of age.  Dubbed cartoons as Gaeilge such as the ever popular with adults and children alike Spongebob Squarepants, as well as a dubbed version of Horrid Henry called Dónal Dána and other favourites such as Adventure Time and Clarence.  Cúla 4 also has commissioned live action programmes for the age group, Is Eolaí Mé, Mo Shaol do Shaol and C.L.U.B. Cúla4 na nÓg: Weekdays 7- 9:30am  Masha agus an Béar  Masha is a little girl who lives in the forest. All the animals in the forest are afraid of her as she forces them to play with her. Masha meets the Bear who tries to get rid of her. He is unsuccessful and he and Masha become friends.  PJ Masks  The PJ Masks is a show about heroism. Super-heroism. Only our superheroes are kids!  By day, 6 year olds Connor, Amaya and Greg go to school like everyone else. But when something goes awry in the city, these special kids, filled with curiosity and a sense of justice get ready for their mission - but they have to wait until night fall when the city is asleep and they can go un-detected. They magically transform into superheroes - Catboy, Owlette and Gekko and become the PJ Masks!  Is Mise This ambitious series follows four young presenters, as they discover the world from their own perspective. We follow Ríona, Róisín, Joey and Cóil on various adventures as they learn and explore with activities ranging from the firebrigade to flower making, from sailing to learning how to swim. Each episode introduces a new experience relating to what children within this age group are interested in.  An Siopa Ealaíne  An Siopa Ealaíne is an innovative series aimed at pre-school children in which Neasa will teach us how to be creative in a fun and playful way. Neasa is an artist who has her own little shop in the heart of a beautiful seaside town. Her friends visit her everyday for creative tips and we will get to know them all while Neasa helps them out with her art classes. It's all fun and games while at Neasa's. Come on in and get creative!  Cúla 4 is also available on Youtube for younger viewers.  Scéal an Lae:  Irish language story books are read by their authors, publishers and Irish actors. Scéal an lae is a beautiful series that captivates a young audience and keeps the magic of storytelling alive.   https://www.youtube.com/playlist?list=PLbcLsUBW9b3AsknOKbR0-K_No4maqeKBB Déan Féin É - Make and Do as Gaeilge https://www.youtube.com/playlist?list=PLbcLsUBW9b3CyZiw8DTxBZeRO9AmCLTmu Cúla4 6-12 year olds  Mo Shaol Do Shaol  A series where we take two people who are totally different from one another & make them swap hobbies and lives for a day....AND they have to complete an incredibly difficult challenge before the day is out. We have two new contestants in every episode and we focus on the wide range of pastimes & hobbies young people in Ireland have today. We have it all - Judo, Ice-Hockey, Cricket & much much more. There is a good chance our contestants will have no interest (or knowledge) in their new hobby but they'll have to learn quickly! The results will be electrifying.  Is Eolaí Mé - watch on cula4.com A fun and energetic science series presented by Peadar Ó Goill from his attic science lab.   Each episode is based on various topics, ranging from gravity to forensics. Peadar gets to prove his theories by kite surfing, visiting wind turbines etc. Young guests join Peadar to test experiments and also go head-to-head in a science challenge. Úna Ní Fhlatharta reports from various locations giving us a glimse of places of interest e.g Birr Castle, Blackrock Observatory to name a few. We also meet An t-Ollamh Ullamh (The ever ready Professor) and his assistant Aodh in short B&W silent skits.  Adventure Time  Twelve- year-old Finn battles evil in the Land of Ooo. Assisted by his magical dog, Jake, Finn roams the Land of Ooo righting wrongs and battling evil. Usually that evil comes in the form of the Ice King, who is in search of a wife. He's decided he should wed Princess Bubblegum, though she doesn't want to marry him. Still, he persists in trying to steal her away, and Finn and Jake, along with Lady Raincorn (a cross between a unicorn and a rainbow) do their best to keep her from harm.  Youtube Cúla 4 for Older Children Youtube Cúla 4 has a series of playlists that are entertaining as well as educational for children to try at home.  Is Eolaí Mé features a playlist of scientific experiments from the show that children can try at home.  https://www.youtube.com/playlist?list=PLbcLsUBW9b3B8vj1mM455xciddvn17tQc CIC Soccer skills with Cúla 4. https://www.youtube.com/playlist?list=PLbcLsUBW9b3CXIqHtWyUei7TfAmO96tiq


16 views0 comments

Recent Posts

See All
Rathbeggan-Logo.png
bottom of page